Imirce go hAlbain, d’imigh a athair agus chuir sé anall scéala go raibh obair fá choinne Dhonnchaidh. Bhí ganntannas airgid sa bhaile agus ní raibh obair ar bith le fáil. An t-airgead a bhí le díol amach, leis na sagairt mar shampla. D’imigh sé ó Dhoire go Glaschú. Bhí socruithe déanta agus bhuail a athair leis. Bhí seo níos measa ná an Lagán ó thaobh cuideachta. I mbothaí a bhí sé ag stopadh. Cur síos ar na céird a bhí ann agus an obair a bhí le déanamh aige. Bhí sé ag tanadh tornapaí. 3 pingin ar chéad slat a bhí siad ag fáil, ar fheirmeacha móra. Bhí ceann amháin dárbh ainm “The Long Mile”. Bhí talamh maith agus cuibhrinn mhóra ann. Bhí treor a athar aige nuair a bhí sé ag obair, chaitheadh siad coinneáil suas leis an obair. Sin in 1939. Obair féir, an Fómhair, draentaí an cineál oibre. A chuimhní nuair a thosaigh an cogadh, bhí sé 15 bliana. An oíche ar cuimhin leis a buamáladh Clydebank.
Fad: 00:11:37 Éist
Ag bogadh go Glaschú, fuair sé obair ansin. D’fhán sé i dteach Éireannach ina raibh Éireannaigh ag fanacht. Bhí sé amuigh ag obair le fir a raibh aithne aige orthu. Chaith sé cúpla bliain ansin. Bhí am maith go leor aige ansin. Bhí pá bhreá aige. Bhí go leor oibre le fáil, obair de gach shórt, plástaráil, “chippyáil”, rinne sé tamall i ngach ceann. Scéal faoin obair seo, ag obair ar bháid don airm, na fir a bhíodh a dhéanamh. Bhí míshástacht i gceist le seo. Bhí earraí gann san am sin.
Ba’s Gort an Choirce a “landlady”, bean an tí, Gallagher a bhí uirthi. Bhí sí maith dó.
Fad: 00:06:33 Éist
Tuilleadh imirce; chaith sé tamall sa bhaile ansin ar bheagán airgid, ag iascaireacht tamall. Dímigh sé ar ais go Sasana nuair a bhí an cogadh thart. Chuaigh sé go Bristol ar dtús ag obair ar bhealaigh móra. Chuaigh sé go Gloucestershire ansin ag déanamh rúidbhealach (runway) do eitleáin. Ag cur coincréit isteach ann. Bhí go leor oibre fa Shasain an t-am sin. Bhí sé in Coventry fosta. Bhí léir tógála le déanamh i ndiaidh an chogaidh. Bhí am maith go leor aige ansin. Bhí sé san “Isle of Grain” ansin ar scaglann ola (oil refinery). Bhí airgead mór sa jab sin. Bhíodh cuid mhór troda fá na háiteanna sin fosta, maraíodh fear as Gaillimh ann oíche amháin, léir ólacháin ag dul ar aghaidh ann.
Fad: 00:06:42 Éist
Ní raibh fonn ar bith air ó shin imeacht arís nó a dhul anonn leis na háiteanna céanna a fheiceáil arís nó athruithe ar bith a fheiceáil. A chuimhní ar áiteanna agus daoine thall in Albain a d’oibir sé leis i dtús ama, na daoine a ba leo an feirm, an obair a rinne siad, an teach a bhí acu, bhí feirm 300 acra acu agus go leor airgid.
Fad: 00:02:22 Éist
In 1937 a dódh na daoine i nGlaschú i mbothaí in Kirkintilloch. Ni raibh Donnchadh é féin ansin san am ach a chuimhní ar an dóigh a caitheadh ar na hÉireannaigh thall. Droch áit a bhí i nGlaschú corr uair ó thaobh trioblóide de. Is iomaí uair a piocadh ar féin fosta. Bhíodh sé olc fosta nuair a bhíodh Celtic agus Rangers ag imirt.
Fad: 00:07:17 Éist
D’imigh léir Éireannaigh anonn go hAlbain agus níor phill siad ariamh na bhaile. Thóg moll de na daoine seo Glaschú agus na bailte. Úsáideadh na hÉireannaigh go mór san am. Ní raibh meas ar bith ar na hÉireannaigh. Bhí Brixton Cross olc thall ó thaobh trioblóide. Chaith sé a sháigh ama fa parkhead nuair a bhíodh Celtic ag imirt. D’imir sé féin rud beag peil Gaelach nuair a bhí sé thall. Bhí imreoirí maith ann. Sin an áit a d’fhoghlaim Donnchadh an peil agus nuair a phill sé na bhaile bhí foireann acu féin a d’imir sé do, d’imir sé in éadan an Chlochán Lia.
Fad: 00:04:44 Éist